Cód Iompair

Féile Ceol na Locha

Scoil Shamhraidh Ceoil Thraidisiúnta na hÉireann

1. Cuspóir

Tá an Cód Iompair seo ceaptha lena chinntiú go mbainfidh gach rannpháirtí —daoine fásta, daoine óga, baill foirne, teagascóirí agus oibrithe deonacha— taithí as timpeallacht shábháilte, mheasúil, uilechuimsitheach agus thaitneamhach le linn na scoile samhraidh.

2. Raon Feidhme

Baineann an beartas seo le:

  • Rannpháirtithe fásta
  • Leanaí agus daoine óga idir 5–16 bliana d’aois
  • Tuismitheoirí/caomhnóirí
  • Teagascóirí, baill foirne agus oibrithe deonacha
  • Cuairteoirí agus aoi-léiritheoirí

Clúdaíonn sé seo gach gníomhaíocht a bhaineann leis an scoil samhraidh, lena n-áirítear ranganna, cleachtaí, léirithe, imeachtaí sóisialta, agus turais.

3. Croíphrionsabail

Táthar ag súil leis seo ó gach rannpháirtí:

  • Caitheamh le daoine eile le meas, dínit agus cineáltas
  • Atmaisféar dearfach agus uilechuimsitheach a chur chun cinn
  • Meas a léiriú ar chultúr, ar thraidisiúin agus ar theanga na hÉireann
  • Treoracha ó bhaill foirne agus ó theagascóirí a leanúint
  • Gníomhú go freagrach agus go sábháilte i gcónaí

4. Ionchais Iompair – Gach Rannpháirtí

Ní mór do rannpháirtithe:

  • Iompar measúil agus comhoibritheach a léiriú
  • Staonadh ó bhulaíocht, ciapadh, idirdhealú nó eisiamh
  • Teanga chuí a úsáid i gcónaí - Meas a léiriú ar theorainneacha pearsanta
  • Meas a léiriú ar mhaoin, ar uirlisí ceoil agus ar ionaid
  • Treoir sláinte agus sábháilteachta a leanúint

Níl na hiompair seo a leanas inghlactha:

  • Iompar ionsaitheach, bagrach nó maslach
  • Bulaíocht (ó bhéal, fhisiciúil nó ar líne)
  • Iompar idirdhealaitheach
  • Damáiste do mhaoin nó goid
  • Iompar suaiteach a chuireann isteach ar ranganna agus ar ghníomhaíochtaí

5. Treoirlínte Breise do Leanaí agus do Dhaoine Óga (Aois 5–16)

Táthar ag súil leis seo ó leanaí agus ó dhaoine óga:

  • Freastal ar ranganna in am
  • Fanacht laistigh de na limistéir ainmnithe mura bhfuil maoirseacht ann
  • Treoracha a leanúint
  • Meas a léiriú do dhaoine eile
  • Aire a thabhairt dá n-uirlisí ceoil agus dá sealúchais

Ní ceadmhach do leanaí:

  • An t-ionad a fhágáil gan chead nó gan mhaoirseacht ó dhuine fásta
  • Páirt a ghlacadh in iompar neamhshábháilte
  • Fóin phóca a úsáid mura n-iarrann an teagascóir é chun críocha obair an ranga.

6. Freagrachtaí Tuismitheoirí/Caomhnóirí

Ní mór do thuismitheoirí/chaomhnóirí:

  • A chinntiú go bhfuil leanaí cláraithe agus sínithe isteach/amach nuair is gá
  • Sonraí teagmhála éigeandála a chur ar fáil
  • Aon riachtanais leighis nó bhreise a chur in iúl do na heagraithe
  • A chinntiú go leanann leanaí an Cód seo
  • Meas a léiriú do gach rannpháirtí

Má tá duine eile seachas tuismitheoir/caomhnóir an linbh ag bailiú an linbh, ní mór dóibh: Ball den choiste a chur ar an eolas roimh ré. Tá liosta d’ainmneacha bhaill an choiste agus sonraí teagmhála ar taispeáint sa halla isteach.

7. Treoirlínte do Rannpháirtithe Fásta

Táthar ag súil leis seo ó dhaoine fásta:

  • Gníomhú mar eiseamláirí dearfacha
  • Teorainneacha cuí a choinneáil le leanaí
  • Seachaint tomhaltas iomarcach alcóil le linn imeachtaí oifigiúla
  • Cloí le beartais cosanta leanaí

8. Cosaint Leanaí

  • Tá Féile Ceol na Locha tiomanta do leas agus do chosaint gach linbh.

  • Ní mór do gach teagascóir agus do bhaill Choiste Ceol na Locha a mbíonn teagmháil acu le leanaí a bheith grinnfhiosrúchán déanta ag an nGarda Síochána de réir dhlí na hÉireann.

  • Leanann an fhéile prionsabail Children First: National Guidance for the Protection and Welfare of Children (Tusla).

  • Ceapfar Duine Teagmhála Ainmnithe (DTA) chun déileáil le haon imní.

  • Ní mór aon imní maidir le leas linbh a thuairisciú láithreach don DTA.

  • Ní mór do gach duine fásta teorainneacha cuí a choinneáil i gcónaí.

9. Sláinte agus Sábháilteacht

Ní mór do rannpháirtithe: - Treoracha sábháilteachta a leanúint - Aon ghuaiseacha nó gortuithe a thuairisciú - Trealamh a úsáid go sábháilte

10. Cúrsaí Digiteacha agus Meáin Shóisialta

  • Níor cheart íomhánna ná físeáin a roinnt gan toiliú

  • Ní mór d’iompar ar líne cloí leis na caighdeáin chéanna

  • Déileálfar le bulaíocht ar líne mar shárú ar an gCód seo

11. Sáruithe ar an gCód

D’fhéadfadh na hiarmhairtí seo a leanas a bheith i gceist: - Rabhadh ó bhéal - Baint de ghníomhaíocht - Teagmháil le tuismitheoirí - Baint den scoil samhraidh gan aisíocaíocht - Gníomh breise más gá

12. Aontú

Ní mór do gach rannpháirtí (agus do thuismitheoirí/chaomhnóirí) aontú leis an gCód seo roimh ré.

13. Athbhreithniú

Déanfar athbhreithniú ar an gCód seo gach dara bliain.